Welcome to our Student Elections

Iarrthóir do phost Leas Uachtarán don Gaeilge / Vice President for the Irish Language

Image for Barry Sugrue

Barry Sugrue

Cé hé Barry?

 

  • Is as Trá Lí, Co. Chiarraí dó
  • Ag staidéar na Gaeilge agus Léann an Aistriúcáin - Bliain 3
  • Bliain deireanach caite ag obair le Conradh na Gaeilge
  • Cathaoirleach na gCumann ar Choiste Gnó, Comhaltas na Mac Léinn 2020/21
  • Seal mar Reachtair agus OCP ar an gCumann Gaelach
  • Dhá bhliain mar ionadaí ranga ar Chomhairle na Mac Léinn CMLOÉG
  • Laoch

 

 

Who is Barry?

 

  • From Tralee, Co.Kerry
  • 3rd year studying Gaeilge agus Léann an Aistriúchán
  • Spent the last year working with Conradh na Gaeilge
  • Societies Chairperson on the Student's Union Executive 2020/21
  • Spent time as the Chairperson and  PRO of the Cumann Gaelach
  • Two years in a row as class rep on Comhairle na Mac Léinn CMLOÉG
  • All round legend

 

____________________________________________________________________________

 

Gaeilge ar champas OÉG:

 

  • Feachtas an G - Feachtas chun a fháil amach cá bhfuil na seirbhísí Gaeilge a leathnú agus a láidriú
  • Úsáid na Gaeilge a fheabhsú ar champas an choláiste:
    • trína chinntiú go bhfuil seirbhísí Gaeilge ar fáil ar champas 
    • trína chinntiú go bhfanfaidh Caifé na Gaeilge ar oscailt
    • trína chinntiú go gcuirfear Ranganna Gaeilge ar fáil
  • Oifigigh Ghaeilge i gcumainn agus clubanna
  • Níos mó cumann agus clubanna á reáchtáil trí Ghaeilge
  • Comharthaí i nGaeilge agus an Ghaeilge feiceálach i ngach gné d’fhógraíocht agus teagmháil ó Bhainistíocht na hOllscoile
  • Cinntiú go bhfuil an Ghaeilge ar cheann des na príomhtheanga teagmhála ag foireann na hollscoile

 

 

Gaeilge on NUIG Campus:

 

  • The G Campaign - Strengthen and spread the campaign to display where the Gaeilge services are
  • Add to the use of Gaeilge on campus
    • I would do that through making sure there are Gaeilge services available
    • Ensure that Caifé na Gaeilge stays open
    • Make sure Gaeilge classes are available
  • Societies and clubs with Gaeilge officers
  • More societies agus clubs available through Irish
  • Ensure that signage agus contact from the university management on every level is through Irish
  • Make sure that Gaeilge is at the forefront of all university contact

 

____________________________________________________________________________

 

 

Gaeilge i CMLOÉG:

 

  • Stráitéis na Gaeilge - Tá a lán rudaí le baint amach sa straitéis iontach seo agus ba mhaith liom níos mó a chur leis ionas go bhfuil sé in oiriuínt do ról lán-aimseartha
  • Comhfhreagras Gaeilge i ngach píosa cumarsáide ón gComhaltas
  • Déan cinnte go bhfuil SUCS ag cur seirbhísí Gaeilge ar fáil
  • Imeachtaí Gaeilge ar siúl gach seachtain le téama éagsúil
  • An Coiste Gaeilge a láidriú ionas go bhfuil sé i gcroílár gníomhartha an Chomhaltais agus an Leas-Uachtarán
    • Fochoiste do mhic léinn Gaeltachta a bhunú
    • Fochoiste do mhic léinn ó thuaidh a bhunú
  • Cinntiú go bhfuil an Ghaeilge mar mhír reatha ag gach cruinniú de chuid an Choiste Gnó / Comhairle na Mac Léinn

 

 

Gaeilge in CMLOÉG

 

  • Gaeilge Strategy - There are many things to achieve in the brilliant strategy and I would like to add to it to make it appropriate for a full-time position
  • Gaeilge correspondence in all communications from the union
  • Ensure that SUCS are providing services as Gaeilge
  • Gaeilge events during themed weeks
  • Strengthen the Coiste Gaeilge and make sure it is central in the work of the Union and of the Vice-President
    • Establish a sub-committee for Gaeltacht students
    • Establish a sub-committee for students from the North
  • Ensure that Gaeilge is a recurring agenda item for every Coiste Gnó meetíng / Comhairle na Mac Léinn meeting

 

____________________________________________________________________________

 

Pobal:

 

  • Ba mhaith liom mic léinn na hollscoile a nascadh le pobal na Gaeilge agus le pobal Gaeilge na cathrach
  • Dhéanfainn seo tríd nasc a chruthú le heagraíochtaí eagsúla, m/shp:
    • Conradh na Gaeilge
    • Áras na nGael
    • An Dream Dearg
    • Gaillimh le Gaeilge. srl.
  • Tá an Comhaltas anois mar Chraobh de chuid Chonradh na Gaeilge; ba mhaith liom an nasc seo a neartú, chomh maith le nasc a chothú le craobhacha eile de chuid an Chonartha
  • Cearta Teanga - Obair le Leas Uachtarán don Ghaeilge i AMLÉ le cinntiú go bhfuil eolas ag daoine faoina gcearta teanga agus iad i measc an phobail
  • Lámhleabhar - Gaeilgeoir Starter Pack le heolas faoi na hachmhainní phobail atá ar fáil dóibh chun a gcuid Gaeilge a úsáid agus a chleachtadh

 

Community:

 

  • I want to connect NUIG students with the Gaeilge community both on a national level and locally in Galway City
  • I would do this by establishing relationships with different organisations such as:
    • Conradh na Gaeilge
    • Áras na nGael
    • An Dream Dearg
    • Gaillimh le Gaeilge (etc.)
  • CMLOÉG is now a branch of Conradh na Gaeilge, but there is still more to be done. I want to strengthen this relationship as well as develop connections with branches in other parts of the world
  • Language Rights - I want to work with the Leas-Uachtarán don Ghaeilge in USI to ensure that students understand their rights in terms of the language
  • I want to develop a ‘Gaeilgeoir Starter Pack’ that will include information on opportunities to speak Irish / community resources that are available to learners

 

____________________________________________________________________________

 

Bunchloch:

 

Is ollmhór an rud é go mbeidh an chéad Leas-Uachtarán don Ghaeilge againn i CMLOÉG agus measaim go mbeidh sé ar cheann de na príomhdhualgaisí agam na bunclocha a leagadh don ról úrnua seo.

 

  • Coistí a bhunú agus suíocháin a fháil ar choistí reachtúla
  • Caidreamh a chruthú le hOifigigh Gaeilge eile timpeall na tíre
  • Caidreamh a bhunú le hOifigigh thar lear atá ag obair ar theangacha
  • Cumarsáid rialta a bheith agam le hOifigeach Gaeilge na hOllscoile
  • Straitéis na Gaeilge sa Chomhaltas a neartú
  • Grúpaí fócais a reachtáil chun an stráitéis theanga a leathnú

 

Foundation:

 

It’s a very big deal that the first Vice-President for Gaeilge will be with CMLOÉG and I feel that one of my main responsibilities will be setting the foundation for the role. I would do this by:

 

  • Establishing committees and getting a seat governing committees
  • Creating strong relationships with other Gaeilge officers
  • Creating strong relationships with officers abroad working with languages
  • Having regular communication with the current university Gaeilge officer
  • Broadening the current Union Gaeilge Strategy
  • Focus groups to broaden the language strategy

____________________________________________________________________________

 

Aidhmeanna Eile:

 

  • Ba mhaith liom obair go dlúth leis an gCumann Gaelach chun plean ceart don Ghaeilge a chur i mbun don bhliain
  • Ba mhaith liom níos mó deiseanna a chur ar fáil do mhic léinn idirnáisiúnta an Ghaeilge a úsáid agus a fhoghlaim
  • Ranganna Gaeilge a chur ar fáil atá in oiriúint do dhaoine faoi mhíchumas
  • Cinntiú go bhfuil scéim chónaithe chaoi agus obair leis an scéim sin chun imeachtaí maithe agus mealltacha a chur ar siúl
  • Líon na ndaoine atá ag úsáid na Gaeilge ag Comhairle agus ag cruinnithe an Choiste Gnó a mhéadú
  • Spás compórdach a chruthú do dhaoine Gaeilge a úsáid/cleachtadh

 

 

Final Goals:

 

  • I want to work closely with the Cumann Gaelach to make a proper plan for Gaeilge for the year
  • I want to provide more opportunities for internationals students to use/learn Gaeilge
  • Ensure that Irish classes that are suitable for students with disabilities
  • Ensure there is a proper Scéim Chónaithe and work with them to organise good events
  • Increase the number of people speaking Gaeilge at Comhairle and at meetings of the Coiste Gnó
  • Provide a comfortable space for people to use/practice Gaeilge

____________________________________________________________________________

 

Imeachtaí samplach:

 

  • Turas thar lear
  • Gala na Gaeilge
  • Céilí Ciúin
  • Comórtas tomadóireachta
  • Escape Room as Gaeilge
  • Lá na Gaeilge ag Coldvember
  • Tobshlua leis an Dreoilín
  • Féile na Gaeilge
  • Turasanna go dtí an Ghaeltacht

 

Examples of events:

 

  • Trip abroad
  • Gala na Gaeilge
  • Silent Céilí
  • Diving competition
  • Escape Room as Gaeilge
  • Gaeilge Day at Coldvember
  • Flashmob with an Dreoilín
  • Gaeilge festival
  • Trips to the Gaeltacht

 

© 2016 NUIG Students' Union. All Rights Reserved.