Referendum on Environmental and Sustainability Officer | Reifreann ar Oifigeach Comhshaoil agus Inbhuanaitheachta
Referendum on Environmental and Sustainability Officer | Reifreann ar Oifigeach Comhshaoil agus Inbhuanaitheachta
Do you agree with constitutional amendment proposed by the SU Council on 31 March 2021 to create the position of Environmentla and Sutainability Officer?
An bhfuil tú ag toiliú leis an leasú bhunreachta a mhol Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn an 30 Márta 2020 le hOifigeach Comhshaoil agus Inbhuanaitheachta a chruthú?
Environmental and Sustainability Officer
Do you agree with referendum motion (Environmental and Sustainability Officer) proposed by the SU Council on 31 March 2021?
Article 7 The Executive Committee
Insert: The Environmental and Sustainability Officer
And renumber accordingly
Insert: The Environmental Awareness and Sustainability Officer
- Shall promote sustainability and environmental awareness amongst the members of the Union.
- Shall be responsible for developing union policy on environmental and sustainability issues.
- Shall liaise with relevant societies and interest groups.
- Shall organise relevant events and campaigns to highlight and address environmental and sustainability issues.
- Shall represent Union members on relevant university committees.
And renumber accordingly
Article 10 Students’ Union Committees & Fora
Insert: The Environmental and Sustainability Forum
This shall be chaired by the Environmental and Sustainability Officer and shall meet at least once per semester. The purpose of the Environmental and Sustainability Forum shall be to discuss any relevant environmental and sustainability issues or campaigns. The Environmental and Sustainability Forum shall, where necessary propose any relevant agenda items to SU Council for discussion. The Environmental and Sustainability Forum shall be open to all members of the Union.
Oifigeach Comhshaoil agus Inbhuanaitheachta
An bhfuil tú ag toiliú leis an rún reifrinn (Oifigeach Comhshaoil agus Inbhuanaitheachta) a mhol Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn an 31 Márta 2021?
Airteagal 7: An Coiste Feidhmiúcháin
Cuir isteach: An tOifigeach Comhshaoil agus Inbhuanaitheachta
Agus déan uimhir nua a chur ar na míreanna dá réir sin
Cuir isteach: An tOifigeach Comhshaoil agus Inbhuanaitheachta
1. Cuirfidh sé nó sí feasacht inbhuanaitheachta agus chomhshaoil chun cinn i measc bhaill an Chomhaltais.
2. Beidh sé nó sí freagrach as forbairt a dhéanamh ar bheartas an Chomhaltais maidir le saincheisteanna comhshaoil agus inbhuanaitheachta.
3. Rachaidh sé nó sí i gcomhairle leis na cumainn agus leis na grúpaí leasmhara a bhaineann le hábhar.
4. Eagróidh sé nó sí imeachtaí agus feachtais a bhaineann le hábhar d’fhonn aird a tharraingt ar shaincheisteanna comhshaoil agus inbhuanaitheachta agus dul i ngleic leo.
5. Déanfaidh sé nó sí ionadaíocht do bhaill an Chomhaltais ar choistí ábhartha de chuid na hOllscoile.
Agus déan uimhir nua a chur ar na míreanna dá réir sin
Airteagal 10: Coistí agus Fóraim Chomhaltas na Mac Léinn
Cuir isteach: An Fóram Comhshaoil agus Inbhuanaitheachta
Déanfaidh an tOifigeach Comhshaoil agus Inbhuanaitheachta cathaoirleacht ar an bhFóram Comhshaoil agus Inbhuanaitheachta, a thiocfaidh le chéile uair amháin sa seimeastar ar a laghad. Is é is cuspóir leis an bhFóram Comhshaoil agus Inbhuanaitheachta ná plé a dhéanamh ar aon saincheisteanna nó feachtais chomhshaoil agus inbhuanaitheachta a bhaineann le hábhar. Nuair is gá, féadfaidh an Fóram Comhshaoil agus Inbhuanaitheachta aon mhír a bhaineann le hábhar a mholadh le haghaidh chlár oibre Chomhairle an Chomhaltais lena plé. Ceadófar d’aon bhall de chuid an Chomhaltais a bheith ar an bhFóram Comhshaoil agus Inbhuanaitheachta.